School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 376
- XML “Táilliúirí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó is amlaidh a théigheadh na táiliuirí timcheall go dtí na tigthe ag obair de réir mar a bíodh gádh leó. Bhí táiliúir annso i mBaile Mhuirne agus tugthaí tailiuir na ~Samhna mar leas-ainm air. Bhí sé ag obair ag muinntir Loingsigh thuas i Sliabh Riabhach lá amháin. Na crosairí a tugtar ortha san. Aimsir na Samhna a bhí ann. I gcionn tamaill tháinig duine de mhuinntir Loinsrigh isteach agus dubhairt sé "Is olc an tSamhain í". Cheap an tailiúr gur chuige féin a bhí sé agus dubhairt sé "Caithfimíd go leir cur suas le crosaibh an tsaoghail".
Chuaidh fear fé dhéin táiliúr na Samhna agus dubhairt sé leis a toise do thógaint. Fear ana aerac do beadh an fear seo agus dubhairt an táiliur leis. "Airiú tá do thoise ag an ndúthcaig"- Informant
- Donnchadh Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Doirín Álainn, Co. Cork