School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 380
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá mórán lios tímcheall parróiste Baile-Mhúirne. Sé an ceann is giorr (?) dhúinne ná an ceann atá ar an dtaobh thuas do choill Chúil-Aodha. Níl an lios sin ró-mhór ar fad agus cré atá ins na cladhthacha atá déanta mór thímcheall air. Mura mbeadh préamhacha na gcrann do raobadh na coiníní ar fad é. Tá lios eile i nDoirin Chuilinn tímhcheall leath mhíle siar ó chean Chúil Aodha agus deirtear go bhfuil casán fe'n dtalamh idir an dá cheann.Sé an ceann is mó a chonach riamh ná an ceann atá ar an dtaobh thoir do Gort Uí Rathaille. Tá na cladhthacha atá tímcheall ar sin déanta de chlocha. Tá móran daoine ann agus creideann siad go bfuil púcaí ionnta, ach deireann daoine eile gur na Tuatha De Danainn a dhein iad mar áit cosanta dhóibh fein nuair a thanadar go h-Éirinn ar dtúis.
- Informant
- Tadhg M. Ó Duinnín
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork