School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Martias Ó Luasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 176

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 176

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Page 176
  3. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (1)
    Do bhí beirt fhear i mBaile Bhúirne tráth agus do thárla gur cuireadh isteach i bpríosún iad. Nuair a bhiodar istig tamaill d'eirígeadar tuirse den príosun. Do thosnuig duine aca ag glaodac ar Naomh Gobnait, "A Gobnait Mhúinte ó Bhaile Bhuirne tabhair cabhair dom agus congnamh" adeireadh sé agus d'freagruigheadh an fear i gcómhnuidhe, "Beidh sí id churam". Fé dheire do h-oscladh geataí an príosún agus do leagadh an duine go raibh creideamhaint aige i Naomh Gobnatan amac Nuair a connaich an duine eile na geataí osgailte do labhar sé in árd a cinn is a gutha. "A Gobnait mhúinte ó Bhaile Mhúirne tabhair cabhair dom agus congnam agus d'freagair an guth amuich, "Bead-sa id curam".
    (2)
    Gach uair nuair a théigheann daoine cun turas i mBaile Mhúirne deireann siad an phaidir seo-:
    "Beannact ort a Gobnait Naomhtha
    Beannact Mhuire ort 's beannact Dé ort
    Is chúgat-sa a thánag i gearán mo sgeal-se
    Ag d'iarraidh cabhair ar son Dé ort."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Céilleachair
    Gender
    Male