School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Martias Ó Luasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (B.)
- XML Page 209
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Roinnt blíanta ó shin bhí bacaig ana choitceannta in Eirinn. Bhíod áit airithe siubhail ag gach duine aca, agus tighthe airithe chun lóísdín na hoidhce d'iarraid. Annsan, ní hé an sághas ceadna deirce a íarrfhead aon beirt aca. Ní thógfhadh cuid aca ac pingine rúadh, tuille aca uibh nú prataí nú plúr agus mar sin. Timceall is uair sa trí mí a thiocfhad an ceann céadhna i gcomhnuidhe, mar ní deanfhaidís ac an timcheall san a thábhairt agus muna dtiocfaidís an úair sin ceapadh na daoine gur marbh a beidis. Daoine iasacta abead íád ac mar sin féín bhí ainm airithe ar gach duine aca ag na daoinaibh.Bhí bacach na nubh, fear dáthámhail go raibh feasóg fada rúadh síos ar a bragaid aige agus máílín beag ubh na laimh clé aige, maide baice na láímh deis, agus croth galánta air. Bhí bearla agus gaedluinn cliste aige agus bhí na paidreacha cómh maith aige gur dóígh leis an duine a tabharfad dhá ubh do go gcuirfead sé isteach i bFathas Dé é, agus úair eile thabharfhad sé íde béil na much is na madraí do dhuine.Bhí bacach eile go dtugtaí an Cáthach Mór air, bíódh leath dosáon malaí aige(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Duinneacha
- Gender
- Male