School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
![The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 241](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0398%2FCBES_0398_241.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 241
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 241
- XML “An Drisceolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Abair do bhéarsaí anois a rannaire," ars an Drisceolach.
"Cad iad na bhéarsaí iad súd airiú," ars an file bocht agus é a d'iaraig dul uaidh.
"Dá dtagaidís" ars an Drisceolach.
"Cé h iadh féin airiu," ars an fiel agus gach aon léim aige ó thaobh taobh féachaint a bhfaghadh sé aon oscailt chun éaluithe.
"Dá dtagaidís na fearachoin d'imig uainn don Spáinn," ars an Drisceolach .
Biné tosach an dána. Bhí an capal ag eighrí ( = eirghe) giodamach um a' dtaca san ó fhásca na béalbhaighe, agus ba dheacair don Drisceolach é cheannsú. Ach ba chuma leis. Do bheartauig sé an fhuip ná láímh.
"Dá dtagaidís na fearachoin d'inig uainn don Spáinn" ar seisean airís
"Airiú dá dtagaidís, do chacfaidís ar lucht na brístí mbán," ars an file, agus len a linn sin do sheasaimh an capal ar a dhá chois deirig agus siúd thar fala an file, agus as go brách leis.- Collector
- Súsán Ní Chárthaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Diarmuid Mac Cártha
- Gender
- Male