School: Baile an Chaisleáin (roll number 11303)
- Location:
- Castletown, Co. Cork
- Teacher: Diarmuid Ó Mathghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisleáin
- XML Page 508
- XML “Beann Gabhar”
- XML “Biolrach”
- XML “An Caipín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mórán liosanna gallán srl sa baile talmhain so acht n’íl aon tseanchas tabhachtach ag baint leis atá ar eolas agam.
- Biolnach - Tá dhá chuid sa baile talmhain so
Biolnach shuas agus biolnach shíos (nú uachtarach is íochtarach)
Tá biolar ag fas i sruth ann go tuigh
agus fuair sé a ainm ó biolar agus ai
lán de. Tá talamh maith réidh ann. Trí liosanna ina seasamh agus ceann leagtha. Tá dhá ghalláin tábhachta ann i bhfeirm Bean Uí Mhuirtille.
Tá bullain (cup markings) i gceann aca agus tá deallramh Cromleac uirthi. Tá sí sínte. Bhí sean chillín i bhfeirm Shéamais Uí Uallacháin agus tá béaloideas ag baint leis. Deirtear gur troideadh cath i Cill na gCrannach idir cuid d’airm an Niallaigh
d’éis briseadh Cinn tSáile agus gur cuireadh cuid de na saighdúirí i gCillín Bhiolraigh. - An Caipín – Tá an aimn ana– oireáinnach. Tá deallraimh caipín ar an mbaile talmhan. Ní baineann acht an cuid soir de leis an scoil ceanntar so. Tá lios neamhgnáthach. Tá iarsma de fhoirgeamh chloch in a luí - Ar an dtaobh thiar? de’n baile talmhan
sa tá lios – (Cáthair) Cáthair Mhágh ? tugtar uirthi agus bhí sé ana thábachtach do réir deallraimh.
Tá dhá fháinne mór timcheall uirthi agus bhí seomra(continues on next page)