School: Baile an Chaisleáin (roll number 11303)
- Location:
- Castletown, Co. Cork
- Teacher: Diarmuid Ó Mathghamhna
![The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 517](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0398%2FCBES_0398_517.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 517
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisleáin
- XML Page 517
- XML “Muine na Croiche”
- XML “An Fála”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)in aice le Droichead ann. (Deirtí go dtaisbeanadh Beamish é feín ann in a dhiaidh sin tar éis a bhais ag teacht anois ó Ifreann dár le daoine) Tháinig muinntir an fhir mhairb aniar tar éis tamaill agus tugadh a corp abhaile chun a churtha.Bhíodh scáth ar na daoine ag siúbhal tré Muine na Croiche tamall ó sín. Ní'l anois ámh.
- Tugadh an ainm sin ar an mbaile talmhan so toisc gur togadh falla tirm cloch mór timcheall air nios mó na cead bliadhain ó sin. Tá dhá lios móra ann agus fuarathas Souterrain ann tamall ó shin. Ar an dtaobh shoir de in aice le Baile anGhárda (?) bhí muilleann ann fada. Fá pairc a mhuillinn ar an áít anois - Uair do bhí na Saighdiúirí ag deanamh Gárda i Crois a' Champa. Siar uaidh thaínig saighdiúir isteach idtig an mhuillinn agus tug sé masladh do cailín a bhí ann. Ní raibh ann chun í do chosaint agus bhí a dhritéair ag obair amuigh i bpáirc. Nuair tháínig sé isteach agus nuair a fuair sé mar bhí an sgeul. Do bhuail sé buille de'n ghrafán a bhí in a láimh aige(continues on next page)