School: Baile an Gharrdha (B.) (roll number 13210)
- Location:
- Ballingarry, Co. Tipperary
- Teacher: Tomás Lotrail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Gharrdha (B.)
- XML Page 109
- XML “Bailte Fearainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gort an ScológScológ sin feirmeoir. Páirc = gortTá ráth sa baile fearainn seo. Lios mór árd is eadh é. Tá sé réidh lom istigh i lár an leasa agus tá crainn 'na thimcheall. Taobh amuigh de na crannaibh tá dígh doimhm. Ní gearrtar crann riamh ann mar creidtear go mbíonn cómhnuidhe ar na sideóga ann.
Jessfield:Chómhnuigh tighearna talmhan sa cheanntar sin agus "Jessie" ab ainm do. Dubhrathas go raibh earball air agus nuair bhíodh sé ag fiadhach an sionnaigh go mbíodh sparán nó máilín speisialta sa diallait i gcóir an earbaill sin. Do cuireadh Jessie i gCill Cúille.
Sean Chill:Ní uasáidtear an t-ainm sin anois. Tugadh an t-ainm sin ar an áit mar bhí cill nó eaglais ann. Chidhtear a rian ann fé láthair mar atá falla na cille agus sean reilig 'n-a cuirtí leanbhaí neamh bháistighthe.
Polough / PollachTá a lán pollaí sa bhaile fearainn seo agu sin é an fáth go dtugadh an t-ainm "Pollach" air.Tá cupla sorn ann n-a dóghthaí aol. Do chuireadh na feirmeoirí an t-aol ar an talamh cun é do leasú nuair bhíodh an chruithneacht dá fás acú.(continues on next page)