School: Baile an Gharrdha (B.) (roll number 13210)
- Location:
- Ballingarry, Co. Tipperary
- Teacher: Tomás Lotrail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Gharrdha (B.)
- XML Page 121
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) PreabaireNuair castar ar preabaire amháin ar an mbóthar sin droch-chómhartha - mí-ádh eigin i gcaitheamh an lae: dhá phreabaire deagh cómhartha - sonas i rith an lae. trí phreabairí bainis ceithre preabairí - tórramh.
2) Salann:Má chaithtear salann ar an úrlár sin cómhartha troda: go mbeidh bruighean idir an té a chaitheann an salann agus duine éigin eile.
3) Luaithridh:Creidtear nach ceart an luaithreadh do chaitheamh amach Dia Luain
4) UibheachaUairteannta cuirtear uibheacha ins na h-iomairí sa gháirdín nó i gcochaí féir san mhóinfhéar. Chun díoghbhála dhéanamh deintear na gníomha san.Uaireannta eile is méathas a cuirfidhe ar gheataí agus ar dhóirsibh.
5) ScathánAoinne a bhrisfeadh scathán creidtear go mbeadh mí-ádhmharach ar feadh ocht mbliain ar a luighead.(continues on next page)