School: Dubhlinn (B.), Inis (roll number 4870)
- Location:
- Doolin, Co. Clare
- Teacher: Tadhg Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear fadó agus sé an ainm a bhí air Tadhg Ó Mainnín, an lá seo cuaidh sé go dtí Luimneach ag díol cárr tuighe.
Casadh feár leis ar an mbóthar agus cheannuigh sé an tuighe uaidh.
D'oscail sé geata mór agus dubhairt sé lé Tadhg tiomáint isteach, nuair a chuaidh sé isteach, chonnaic sé tigh breágh, d'oscail fear an doras agus chuaidh sé isteach, bhíodar ag ithe agus ag ól.
Nuair a chuaidh Tadhg isteach thugadar dínnéar dó agus an tam a chuaidh sé isteach sa siopa agus thug siad biotaile dó agus thuit sé 'na codladh.
Nuair a dhuasigh sé aris dubhairt sé go ragadh sé abhaile, chuaidh sé abhaile, an tam a tháinnig sé go dtí doras a tighe féin bhí go leór daoine istigh.
Bhí siad ag piocadh gandail, bhí an bhean le pósadh lá'r na bháireach, bhuail Tadhg buile ar an doras.
D'oscail duine an doras, nuair a chonnaic sé Tadhg dubhairt sé
"go ndeanaidh Dia trocaire ar anam na marbh".
Dhún sé an doras, bhí tuirse ar Thadhg agus cuaidh sé isteach i mbothan na much, thuit sé 'na chodladh, ar maidin nuair a d'eirigh Tadhg chonnaic sé na daoine ag teacht thar an bhóthar.
" Sé an Domhnach atá ann",
a dubhairt sé, d'eirigh sé ina sheasamh agus lean sé iad.
D'fhéach duine aca 'na dhiaidh, nuair a chonnaic sé Tadhg ritheadar.
Táimid déanach, a dhubhairt Tadhg as go breágh leis 'na ndiaidh, rith na daoine go léir isteach agus Tadhg ina ndiaidh.
D'fhiafruigh an sagart díobh cad a bhí ortha, dubhairt siad go raibh Tadhg Ó Mainnín ins an séipéal nuair a bhí an taifreann ráidthe cuir sé fios ar Thadhg
D'fhiafruigh sé de cá raibh sé.
"Tá tusa imithe le bliadhain"
"Níl me act aon oídhce amháin a dubhairt Tadhg. "Isteach san lios a chuaidh tú" ars an sagart.
Tháinig Tadhg abhaile annsan agus ní deachaidh sé go Luimneach ó shoin.fuaireadh an sgéal so ó
Mháirtín Ó Cilltreáin (65 bliana)
Cárnán
DubhlinnSeán Ó Cilltreáin
Cárnán
Dubhlinn- Collector
- Seán Ó Cilltreáin
- Gender
- Male
- Address
- Carnaun, Co. Clare
- Informant
- Máirtín O Cilltreáin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Carnaun, Co. Clare