School: Mullach, Sráid na Cathrach (roll number 3928)
- Location:
- Mullagh, Co. Clare
- Teacher: Proinnsias Ó Sandair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá caisleán i bhFinór Mór agus 'sé an ainm atá air ná Caisleán an Óir. Tugadh an t-ainm sin air mar bhí pota óir i bhfolach ann le fear a bhí ana shaidhbir.Nuair a chuaidh sé cun an óir do chur i bhfolach do thug sé fear eile leis a bhí in a chara mór aige. Do theasbáin sé d'on fhear an áit in a raibh sé cun an oir do chur.Do chur sé é i bhfolach, agus d'iarr sé ar an bfear gan labhairt le aoinne beo mar gheall air. Do thug sé a fhocal na labharfadh sé é le aoinne go deo.Do sgaoil sé urcar leis an bhfear mar cheap sé go n-inneósadh sé an run do dhuine éigin agus go bhfeadfadh sé é do robáil nuair bhead sé féin marbh.Tar éis cupla blian do bhí taidhreamh ag fear mar gheall ar an áit in a raibh an t-ór i bhfolach, agus do chuaidh sé ann agus do romhar sé ar an áit in a raibh sé, agus do fhuair sé píosa airgid gan aon mhaith ann.Do fhuair sé raol, agus cúpla cnámh. Níor lean sé leis an gcuardach. Tar éis(continues on next page)
- Collector
- Cristín Ní Sheasnáin
- Gender
- Female
- Address
- Mullagh, Co. Clare
- Informant
- Seosamh Ó Seasnáin
- Gender
- Male
- Address
- Mullagh, Co. Clare