School: Mullach, Sráid na Cathrach (roll number 3928)
- Location:
- Mullagh, Co. Clare
- Teacher: Proinnsias Ó Sandair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a eitileann na fáinleóga go h-iseal sin comhartha báistighe. Ach má eitileann siad go h-árd sin rian go mbeidh aimsear breágh againn. Nuair a chloistear na coirrliúin ag gláodhac san oidhche bimíd ag brath ar aimsear fliuch do theacht. Aon úair a thuirlingeann na preacáin agus nuair a cítear iad ar na fallaí ag réabhadh an chré sin comhartha go mbeidh báisteach againn sar I bhfad. Má eitileann na spideóga suas go bárr na gcrann, bimíd siúrálta áimsear breágh d'fháil. Ach ar an dtaobh eile má fhanann siad I mbun na gcrann sin comhartha go mbeidh droch-aimsear againn. Nuair a phiocann na cearca iad féin sin comhartha maith go mbeidh droch aimsear againn.
Má shuidheann an cat agus a dhrom iompuighthe chun na teine Deirtear go mbíonn droc aimsear ag teacht. Aon úair a sgríobann an cat an stól nó an chatháoir sin comhartha stoirme. Nuair a chloistear na laóigh agus na ba ag géimneac tráthnóna Samhraidh sin rian tórnaighe. Má feiceana tú an ghabhar ag ingheilt go h-ocrasach ar maidin bimíd siúrálta lá fliuch d'fháil. Ach ar an dtaobh eile ma fheiceann tú é ag seasamh leis an bhfalla agus gan fónn bídh(continues on next page)- Collector
- Máirtín Mac Flanncaidhe
- Gender
- Male
- Address
- Carrowlagan, Co. Clare
- Informant
- Seán Mac Flanncaidhe
- Gender
- Male
- Address
- Carrowlagan, Co. Clare