School: Mullach, Sráid na Cathrach (roll number 3928)
- Location:
- Mullagh, Co. Clare
- Teacher: Proinnsias Ó Sandair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mullach, Sráid na Cathrach
- XML Page 032
- XML “Faisnéis na hAimsire - Faisnéis na hAimsire ón Spéir”
- XML “Faisnéis ón nGaoth”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Má fheictear an bóga leac ar maidin sin cómhartha báistíghe. Ac ar an dtáobh eile ma fheictear an bóga leac ist oidhche ar an dtáobh thoir sin rían maith go mbíonn an droc aimsear ag imtheacht úainn.
- An ghaoth a dtúaidh bíonn sí crúaidh is cuireann sí grúaim ar dhaóineAn gháoth andheas bíonn sí teas is cuireann sí éisc i líontaibhAn ghaoth aníar bíonn sí fial is cuireann sí rath ar síoltaibhAn ghaoth anoir bíonn sí tirm is cuireann sí brath ar caoiribh
'Sí an ghaóth aníar andheas an ghaoth is minicí a geibhimíd agus 'sí an ghaoth a bheireann báisteach léi. Nuair a shéideann an ghaoth adtúaidh bímíd siúrálta aimsear crúaidh no bféidir sneacta d'fháil. Nuair a shéideann an ghaoth adtúaidh i Sámhradh géibhimíd aimsear breág tirm.
Nuair a shéideann an ghaoth anoir i nGéimhreadh geibimíd sioc agus bfheidir sneachta. Nuair a shéideann an ghaoth anoir i Samhradh sin cómharta aimsire tirm. Má shéideann an gáoth aníar agus máíompúigeann sí go tapaidh ó thúaidh deirtear go mbeidh storm againn sar i bhfad. Seanabhairt is eadh e seo "Ni théigheann an storm thar Dómhnac na an rábharta thar Ceadáoin."- Collector
- Máirtín Mac Flanncaidhe
- Gender
- Male
- Address
- Carrowlagan, Co. Clare
- Informant
- Seán Mac Flanncaidhe
- Gender
- Male
- Address
- Carrowlagan, Co. Clare