School: Cuar an Chláir (C)
- Location:
- Cooraclare, Co. Clare
- Teacher: Máiréad, Bean Uí Mháirtín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaillín beag dána sa cheannta so timcheall fice's a cúige bliadhain ó shoin. Bhí dúil mhór aige sa chártaí agus bheig gá n-imirt cartaí gach oidhche. Aon oidhche amháín bhí sé ag dul thar fothracha sean-tighe, agus chonnaic sé fear in a sheasamh ag an doras. Bhí bórd beag in aice leis agus bhí coinneal ar bhoiscín. Nuair a bhí an buachaillín ag teacht i ngiorracht dó d'fiafruigh an fear de an imreóchadh sé cluiche cártaí leis. Dubhairt an buachaill dhána go n-imreóchadh. Bhíódar ag imirt annsan go mbuaidh sé ar gach a riabh ag an stroinséar. Nuair a bhi an garsún ag imtheacht d'fhiafruigh an fear de an dtiocfadh sé an oidhche in a dhiaidh sin. Dubhairt an garsún go dtiochfadh.Tháinig agus bhuaidh sé arís. D'fhiafruigh an fear arís an dtiocfhadh sé an tríomhadh oidhche. Dubhairt an garsún go dtiocfadh. Ar maidin an lae sin dubhairt an garsún le'n a mhathair cad a thuit amach. Do chomhairligh sé é dul fé dhéín tighe an t-sagairt agus an sgéal do chur fé na bhrághaid.
D'fhiafruig an sagart de an ragadh sé an oidhche sin. Dubhairt go ragadh. Do thug an sagart comhairle dó a bheith go cúramach agus in'a n-abrochaidh sé.
"Taim briste," abair leis "go mait tógfaidh mé an coinneal sin" agus tóg.
Tháinig an oidhche, bhí an beirt ag imirt mar ba ghnáthach go raibh an buadh arís ag an garsun.
"Táim briste," ars an fear
"All right" ars an buachaill, "tógfaidh mé an coinneall sin"(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Loinghsigh
- Gender
- Female
- Address
- Cooraclare, Co. Clare