School: An Clochar, Cill Ruis

Location:
Kilrush, Co. Clare
Teacher:
An tSr. Pól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0629, Page 427

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0629, Page 427

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cill Ruis
  2. XML Page 427
  3. XML “An Ghorta Mhór sa Cheantar Seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gorta mór in Éirinn sa bhliain 1845 go dtí 1848. Bhí na prátaí go h-an flúirseach agus do chuir na daoine isteach í pollaibh móra, ach taréis tamaill nuair a thánghadar go dtí na puill, bhí na prátaí go léir meathta.
    Fuair a lán daoine bás de'n ocras, mar cé go raibh cuid mhaith cruithneachtan acu bhí ortha é do dhíol cun go mbéadh an cíos acu í gcóir an tighearna talmhan. Ní raibh aon rud le n-ithe acu ach turnapaí. Nuair a bhéadh fear ag cur cinn tighe bhéadh trí turnapaí aige agus nuair a bhéadh píosa áirighthe déanta aige bhéadh ceadaige cúpla greim as na turnapaí d'ithe agus leanfadh de'n obair. Nuair a bhéadh píosa áirighthe eile déanta aige bhéadh cead aige cúpla greim eile d'ithe agus mar sin nó go mbéadh na trí turnapaí ithte aige.
    Bhí turnapaí ag fás an úair sin í bpáirc í gCill Aimidhe in a mbíonn rásaí na gcon anois agus thagadh na daoine ó Chíarraighe treasna na Sionainne cun na turnapaí a ghoid.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Mhathghamhna
    Gender
    Female
    Address
    Doonnagurroge, Co. Clare