School: Mercy Convent
- Location:
- Belturbet, Co. Cavan
- Teacher: The Sisters
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mercy Convent
- XML Page 048
- XML “Crosóg Bhríde”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní deántar crosóga Bhrighde ins an gceanntar seo anois acht i dteach amháin de réir mo thuairm-se. Tá fhios agam-sa conus iad do dhéanamh mar déanaimíd sa sgoil seo iad.Ní bhíonn aon fhéásta ar bith againn i gcóir lae 'le Brighde anois. Is iomdha duine nach bhfuil fhios aige go bhfuil a leithéid de féasta ann chor ar bith. Ach ní bhíodh an sgéal mar sin fadó san áit seo. Bá mhór an féasta in Éirinn é fadó. Do bhíodh fleadh mór i ngach tigh an oidhche sin.Nuair a bhíodh an líon-tighe go léir bailighthe, an bord leagtha i gcóir an tae agus gach rud faoí réir tóghtaí duine mar Brighid - an mháthair b'fhéidir, nó cailín de mhuintir an tighe. Chuireadh sí cota uirthi agus théighead sí amach san halla. Tógadh sí beart luachra a bhaineadh do'n ócáid an lá sin. Annsin thagadh sí go dtí an doras agus bhuaileadh sí air agus deireadh sí " Teígigidh ar bhur nglúnaí agus abraigidh bhur gcuidh paidreacha agus leigighid Brighidh Naomhtha isteach. " Théigheadh muinntir an tighe ar a nglúnaibh agus deiridís " Tar isteach a Bhrighidh Naomhtha " . Agus thagad sí isteach. Shuidheadh sí ag ceann an bhuird agus chaithidís an béile. Nuair a bhíod bhiadh caitthe achu dhéanaidís uilig crosóg roimh eirghe o'n mbord dóibh.(continues on next page)
- Collector
- Eibhlís Nich Shamhrain
- Gender
- Female
- Address
- Milltown, Co. Cavan