School: Crannach, Inis
- Location:
- Cranny, Co. Clare
- Teacher: Mícheál Ó Maolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crannach, Inis
- XML Page 001
- XML “Saibhreas fé Thalamh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ór le fághail i gCaisleán Bhaile na Caillighe. Bhí an saidhbhreas ann ó am na Tuatha de Danainn. An uair sin bhí an t-airgead cúpla míle fé bhun talmhan acht deirtear gur chuir na sidheoga an t-ór fé bhun an chéid cloiche a cuireadh, tar éis na gcéadta mbliadhan. Na mílte bliadhan ó shoin iseadh a fuair na daoine amach go raibh saidhbhreas i dtaisge san áit. Níor deineadh aon iarracht riamh chun an t-ór dfághail.
Aon Domhnach amháin tháinig bean isteach do thigh fir darbh ainm Ó Grádaigh a bhí in a chomnuidhe in aice an Caisleáin. Bhí gach aoinne timcheall na h-áite ag an Séipéal an lá úd ach amháin na fear seo. Ní fhaca aon duine an bhean sin ó shoin. Sidheóg a bhí inti is dócha acht nílim cinnte.
"Uí Gradhaigh" ar sise leis an bhfear "tá ór le fághail san gCaisleán sin." (agus í á teasbáint an chisleáin le na méir.) "Geobhfhad-sa an t-saidhbhreas duith," ar sí arís "má caillfhidh tú súil ar mo shon." "Ní dhéanfad sin" arsan bhfear.(continues on next page)- Collector
- Liam De Brúach
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig De Brúach
- Gender
- Male
- Address
- Burrenfadda, Co. Clare