School: An Scairbh (C.)
- Teacher: Máiréad, Bean Mhic Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Scairbh (C.)
- XML Page 004
- XML “Sruthán an Leamhnacht”
- XML “An Capall Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'iompuig an sruthán agus thosnuig uisce ag rith ann in ionad bainne. Acht tá sé ann fós agus an ainm sin air is uisce fionnfhúar ag teacht as
- Tá sgéal ag baint le feirmeóir bhig (?) go raibh cómhnuidhe air ar bhruacaibh locha gréine i mbaile Fearthainn ar a dtugtar Leacha-an-Éadain. Ba leis an t-oileán a bhí suidhte i lár an locha agus bhí sé de nós aige coirce agus prátaí do chur ann. Lá áirithe do thug sé fé ndeara gur deineadh móran diongbhála d'á choirce agus ba mhór an chúis réidhteach dó é coisc ná raibh beithidheach d'aon t-sóirt ar an oileán agus ar deireadh do shochruigh sé go bhfanadh a mhac agus é feín ina suidhe chun an oileán do ghardáil agus ag uair an mheadhan-oidhche do chonnachadar capall liath agus searrach capaill ag teacht amach as an loch agus do chromadar ar an gcoirce d'ithe. Ach ar feiscint an feirmeóir dóibh do ritheadar isteach sa loch arís. Do chuaidh an bheirt abhaile agus ní nárbh iongnadh do leathadar an sgéal i gcéin is i gcomhgar. Do chuaidh dream daoine ón gcomharsanacht leó an tarna oidhche agus do thuit an rud céadhna amach ach d'éirigh leo bhreith ar an searrach(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Nic Giolla Phóil
- Gender
- Female
- Informant
- Mr M. Guilfoyle
- Gender
- Male
- Age
- 70