School: An Scairbh (C.)

Teacher:
Máiréad, Bean Mhic Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0591, Page 006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0591, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Scairbh (C.)
  2. XML Page 006
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí "cruiteachán" ina chomhnaidhe in áit sléibhtiúil ar a dtugtar Loch Sléibhe fadó ó shoin...

    Bhí "cruiteachán" ina chomhnaidhe in áit sléibhtiúil ar a dtugtar Loch Sléibhe fadó ó shoin darb' ainm Mícheál de Búrca agus gach fóghmhair do théigheadh sé go conndae Tiobrad Árann chun na prataí do bhaint agus lámh a thabhairt le baint na h-eórnan. Uair amháin d'fág sé a Bhaile timcheall uaire an mheadhon-oidhche agus do bhí a rámhan ar a ghualann aige. Do mheas sé Cill Dá Lua do shroisint in am chun an céad Aifreann d'éisteacht agus nuair do tháinigh sé comh fada le CeannCóra bhí sé dorchadh fós agus do shochruigh sé ar a thuirseacht a chuir de agus do shuidh sé síos agus dfeach sé thart timcheall air féin agus cad do chonnaich sé ach solas beag i dtig ar bhárr an chnoich. Do chuaidh sé cuige agus ar dul isteach dó sa tig dúbhairt sé "Go mbeannuighidh Dia annso isteach" agus d'freagair fear liath críonna é a bhí 'na shuidhe le hais an teine agus dubhairt "Beannacht Dé ort a Mhichíl de Búrca agus tá fáilte romhat". "Bhuail an stoilín sin fuat agus téidheamh tú fhéin mar is dóca go bfhuil an fuacht ag goilliúnt ort" arsa sé agus díreach nuair do bhí Mícheál chun suidhe do labhair an sean-fhear airís agus dúbhairt sé leis an ciseán a thógaint amach go dtí an chruach móna agus móin do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish