School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhíol sí iad in-aon-chor ach do bhíodar san gearradh móna lá éigin eile agus do chuaidh sé sin chun chabhruithe leo.
Do bhí gamhan eile aca ansan agus do dhíoladar é sin leis agus do cheannuighdear ba bainne. Is amhlaidh nách rabhdar chómh bocht anois in-aon-chor. Do bhíodh prátaí aca i [?]gcóir gach aon béile agus ag gach aoinne eile an t-am san prátaí agus salann agus bainne ramhar aca.
Do théigheadh Seán ag sgoruidheacht gach aon oidhche agus uaireannta do bhíodh sé déanach nuair a bhíodh sé ag teacht abhaile. An oidhche seo do bhí sé ag sgoruidheacht mar ba ghnáth.
Do bhí sé ag déanamh amach ar a h-aon-dhéag a chlog nó a leath-h-uair tar-éis. Dubhairt sé leis féin go raghadh sé tríd an chómhgar. Dá raghadh sé tríd an gcómhgar chaithfeadh sé dul thar leasa. Do chuaidh sé an chómhgar. Nuair abhí sé ag gabháil thar a' leasa d'airig sé an ceól(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork