School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)luachraigh de na capaill airís.
Dubhairt an firín beag trí focail ana ghreannmhara go léir agus dubhairt Séamus na dhiaidh iad agus dubhairt sé le Séamus é a leanamhaint in gach aon áit dá ngeobhadh sé.
Isteach sa tig leis an bhfirín mbeag trí poll a' ghlais agus do chuaidh Séamus isteach 'na dhiaidh. Níor stadadar go dtí go dtánadar go dtí an áit 'na raibh an fíon.
Do líon an firín beag dhá ghloine breághtha fíona agus do thug sé ceann aca do Shéamuis agus d'óladar leo chun go rabhdar go maith súgach dóibh féinig agus dubhairt Séamus leis an bhfirín mbeag gurbé an Máighistir ab' fhearr a chasadh riamh air é agus dá leanfadh sé ag tabhairt ól mar sin i gcómhnaidhe dho gur fada a leanfadh sé féin leis. Dubhairt an firín beag le Séamus aire mhaith a thabhairt do féinig nuair nár(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luaisaigh
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork