School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fadh an Sagart agus do ndéarfadh sé "Dia linn is Muire" ach níor labhair.
Dubhairt an firín beag le Dómhnall da gcuirfeadh sí dhá shraoth eile aisti agus muna ndéarfadh aoinne "Dia linn is Muire" go mbeidh sí aige féin d'aimhdheóin an t-Shagairt is an méid aifreann a dubhairt sé riamh.
Do bhí ana truagh ag Séamus den chailín óg agus níor mhaith leis í a bheith pósta le 'na leithéid sin de sheanóir caithte liath. Tar-éis tamaill do chuir an púca an sop tuighe suas srón an cailín airís agus do chuir sí sraoth eile aisti agus ní dubhairt aoinne pioc. Ba dhóbair gur liúig sé amach le h-ionghnadh nuair nár labhair aoinne.
Dubhairt sé ansan le Séamus go mbeadh sí aige féin tar-éis sraoth eile a chur aisti muna ndéanfadh aoinne pioc.
I gcionn tamaill do chuir sé an sop tuighe suas srón an cailín agus do chuir sí sraoth eile aisti agus nuair nár labhair aoinne ar dtúis dubhairt Seamus fein "Dia linn is Muire"(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luaisaigh
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork