School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leis ar an aonach.
Do chuaidh sé trí bóthar a' chnuic. Nuair abhí sé leath na slíghe shuas do chasadh firín bear air. D'fhiafhruig sé de cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag dul ar an aonach cun bó dhíol mar do bhí ocras air féin is ar a bhean is ar a bhean is ar aclann.
D'fhiafhuig an firín beag de an mór ar a dhíolfadh sé an bhó. "Leis an méid gurb'fiú í" seisean "Ceannóchad uait é" ar seisean. "An mó a thabharfaidh tú dom uirthi?" arsa'n fear bocht. "Níl aon airgead agam" arsa'n firín beag "ach liathróíd beag anso agam agus liathróíd draoicheachta iseadh é agus tabharfad duit í má's maith leat é" "Ach cadé an tairbhe a dhéanfaidh sé [?] arsa'n fear bocht.
"Má theastuigheann aon rud uait nó má bhíonn aon rud uait nó má bhíonn tú i gcrua chás riamh níl le déanamh agat ach órdú a thabhairt de'n liathróid seo" ar seisean "Tá go maith" arsa'n drithár bocht "tabharfad duit í" ar seisean. Do thug sé an bhó de'n fhirín beag agus do(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork