Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí lánamha ann uair agus do bhí daréag clainne aca. Do bhí feirm ana mhór aca agus do bhíodar ana shaidhbhir. Seán ab'ainm de'n duine ab óige aca. Aon lá amháin dubhairt Seán le 'na mháthair go raghadh sé amach ag tuilleamh a choda.
Níor theastuig ó 'na athair ná a mháthair go raghadh sé amach in-aon-chor mar dubhradar leis go raibh a ndóithin aca sa bhaile ach do lean sé ag athchuiníghe ortha 'á iarraidh ortha é a leigint amach.
Fé dheire do thugadar an cead do agus d'fhág sé slán ag a athair agus ag a mháthair agus ag a ghaolta go léir agus do chomáin sé leis. Tar-éis alán siúbhlóide dho do tháinig sé go dtí pálás an Rígh.
Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé obair ar an Rígh. D'fhiafhruig an Rígh de cadé an obair a fhéadfadh sé a dheanamh.
Do fuaradh amach ansan go raibh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí