Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhréaghaibh. Tháinic sean chailleacháin amach agus dfhiafhruigh sí dhe cé d'ár díobh é nó cé'n t-ainm atá air. Dfreagair mac an rí. Is mise mac Rí an domhain thiar atá ar thóir inghin rí an domhain thoir,
Dubhairt an sean chailleachaín. Is deacair sin a dhéanamh. Dimthigh sé leis agus chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus ní ngar dhó i gciumhais coille. Nuair a tháinic sé go dtí an geata bhuail sé an clog. Léim cú mhór aníos agus dá mhéid feirge a bhí air an gcú eile bhí a sheacht n-oiread ar an gcú seo. Chaith sé ceann de na cácaí aice. Nuair a bhlais sí dhe dubhairt sí fághaim baladh an Éireannaigh bhradaigh bréagach. Tháinic sean cailleacháin amach agus dfhiafhruigh sí dhe cé dhár díobh é nó cé'n t-ainm atá air. Is mise mac rí an domhain thiar atá ar thóir inghin rí an domhain thoir. Is deacair sin a dhéanamh arsa an sean cailleacháin. Chuaidh sé a chodhladh an oidhche sin. Ar maidin deirigh sé agus dith sé a bhricfasta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Curraidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Seoladh
- Na Poillíní, Co. na Gaillimhe