Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Donegal
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 2
- XML “Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shiubal agus nuair a tháinig siad fhadh leis an fhear [?] ní fhacaidh siad é agus thuit an bheirt thairis. Nuair a déirigh siad arais rith siad an méid a bhí ina gcorp agus iad ag sgairtigh, ‘‘ Tá an áite lán diabhail, tá an áite lán diabhail’’, agus ní dhearn siad an cleas sin ní ba mhó.An Seilide agus an Mhín Choirce
San oidhche geibhtear seilide, clár agus grainín mine coirce. Cuirtear an clár na luighe ar an urlár agus craithtear grainín mine coirce air, cuirtear an seilide ar a mullach sin agus cuirtear rud éiginteacht anuas air sin leis an t-seilide a coingbhailt istuigh. Ar maidín bíonn dhá leitir sgríobhtha ag an t-seilide agus cé bith an dá leitir iad, sin an cead dá leitir a bheas ar ainm an fhir a bheas agat mar cheile, nó ar ainm na mná.Bolgam agus an uisge agus an Eorna
Nuair a bíonn an suipear réidh an oidhche sin, teidheann cailín nó stocach de cuid an toighe amach agus bolgam uisge ina bhéal agus grainín eornan. Théidheann sé nó sí thart ar an teach trí h-uaire agus an triomhad uair éisteochadh sé nó sí ag an dorus druidhte agus cé bith a t-athar a caint istuigh air sin an té a bhéas siad pósta air.An Dallóg
Teidheann duine amach agus dallóg air agus bíonn duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Donegal