Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Donegal
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 48

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 48

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 48
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    don Rí” arsa sise. “Má’s fíor sin,” ar seisean “cán tú mo bhean-sa, agus siubhal leat anois go bhfágaidh mise tú shan áit a bhfuair mé tú. Thug sé leis ar a druim í, nó gur fhág sé í san áit a bhfuair sé í, agus d’iarr sé ortú a bhean féin a chuir amach chuige. Cuireadh amach nighean an chorrbhadaigh aige, agus thug sé leis í go dtí leac buidhe an domhain. Las sé teinidh dheas agus amach as croidhe-lár na teineadh d’fás crann deas gorm-ghlas ba deise dhá bhfacha súil ariamh. “Caidé dhéanfadh d’athair leis an crann sin dá m-béadh sé aige do fhéin?” “Caidé dhéanfadh sé leis ach, a tabhairt dó’n rí”, ar sise, “Ma’s fíor sin chan tú mo bhean-sa, agus siubhal leath anois go bhfághaide mise thú san áit a bhfuair mé tú”. Thug sé leis í. D’iarr sé a bean féin a chuir amach chuige sin nó troid. Cuireadh amach nighean a Ríogh chuige annsin. Thug sé leis í go dtí leac buidhe an domhain. Las sé teinid deas agus amach a’s chroidhe-lár na teineadh d’fás crann deas gorm-glas, ba deise dhá bhfaca suil ariamh. Caidé dhéanfadh d’athair léis an crann sin”. arsa seisean léithe, “dá mbead sé aige do féin?” Caidé dhéanfadh sé leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ruiseail
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Róise Bean Uí Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    43
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal