School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 94
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhrónach a chuir isteach an oidhche sin nuair a chuaidh an féasta amudha ortha.
- Sgéal.
Bhí rí ann aon uair amháin agus bhí nighean aige a bhí iontach deas. Ní rabh fhios aige cá h-áit a mbhéadh sé ábalta fear a fhághail duithe. Bhí beirt fhear na gcomhnuidhe ar an bhaile agus ba mhaith leobhtha nighean an ríogh a posadh. Ní rabh fios ag nighean an ríogh caidé a dheanfadh sí Lá amháin dubhairt sí leobta, “phósaid mise fear ar biodh agaibh a bheas ábalta a ghabhail a mharcuigheacht ar bheithideach agus (p) rópa in a láimh aige agus a bheas ‘ábalta breith ar gabhar a bheas ag ingilt ins an phairc” “Maith go leor”, arsa na fir, deanfaidh muid-inne sin. Bhí gabhair gabhair ag fear amháin aca agus ní rabh gabhair ar bith ag an fhear eile. An fear a rabh an gabhair aige bhí lughthair mór air, no bhí fios aige nach mbéadh trioblóid ar bith aige ag fághail greim air. Ní rabh fhios ag an fear eile caidé a dheanfadh sé cionnus nach rabh gabhair ar bith aige. Ach ins an deireadh smaointigh sé ar chleas(continues on next page)- Collector
- Róise Nic Aodha
- Gender
- Female