Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 94
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhrónach a chuir isteach an oidhche sin nuair a chuaidh an féasta amudha ortha.
- Sgéal.
Bhí rí ann aon uair amháin agus bhí nighean aige a bhí iontach deas. Ní rabh fhios aige cá h-áit a mbhéadh sé ábalta fear a fhághail duithe. Bhí beirt fhear na gcomhnuidhe ar an bhaile agus ba mhaith leobhtha nighean an ríogh a posadh. Ní rabh fios ag nighean an ríogh caidé a dheanfadh sí Lá amháin dubhairt sí leobta, “phósaid mise fear ar biodh agaibh a bheas ábalta a ghabhail a mharcuigheacht ar bheithideach agus (p) rópa in a láimh aige agus a bheas ‘ábalta breith ar gabhar a bheas ag ingilt ins an phairc” “Maith go leor”, arsa na fir, deanfaidh muid-inne sin. Bhí gabhair gabhair ag fear amháin aca agus ní rabh gabhair ar bith ag an fhear eile. An fear a rabh an gabhair aige bhí lughthair mór air, no bhí fios aige nach mbéadh trioblóid ar bith aige ag fághail greim air. Ní rabh fhios ag an fear eile caidé a dheanfadh sé cionnus nach rabh gabhair ar bith aige. Ach ins an deireadh smaointigh sé ar chleas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Aodha
- Inscne
- Baineann