School: Áth na gCoire
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Seán P. Ó Gallchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 306](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1057%2FCBES_1057_306.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 306
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áth na gCoire
- XML Page 306
- XML “An Drúcht Geal Ceo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Drúcht Geal Ceo
Ag gabhail síos an ghleann dam faoi chois na grann.
Go dtí’n chathair aoibhinn shuairc
Bhí na slóighte teann leis na mílte lann
Ag teacht aníos gan ghruaimh
Ní rabh crónán caoin as bealaibh píob
No dromaí ag tógailt gleo
Ach an chlog go glinn ag cuir fáilte bhinn
Roimhe’n Aingeal ins an drúcht gheal ceo
II
Chroch siad in áirde a mbrát go hárd
Os cionn caisleán Baile-Atha-Cliath
Níor nídh leo bas fhághail ag Saddle Bar
Agus Éire indiaidh i bpian
As lár na Midhe sé ghluais an sgaoth
De na laochraidhe liomtha beo
Agus slóighte gall ag bailliughadh anall
A gcuid gunnaí ins an drúcht geal Ceo
III
Chuaidh an ghrian i luighe agus thuit an oidhche
Acht níor ísligh an chomhrac teann
Bhí na teinnte doghadh ag na gaedhil go fóill
As ag deallradh ar thaobh na lann
Bhí gach duine guidhe (guidhe) nach mealladh a chroidhe
As an teangbhail tréan go deo
Act le banughadh an lae bhí a mbrát gan bheám
Ag cratadh ins an drúcht gheal Ceo(continues on next page)- Collector
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Occupation
- Oide