Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí mé lá amháin sa tráigh amuigh i nGleann Lacha, agus bhí mé a baint dilisc.”
(continued from previous page)Lacha, agus bhí mé a baint dilisc. Bhí dhá
nighean damh ann agus chuaidh siad síos ’na
Chladaigh Mhóir ’na trágha fostacht. Nuair a
bhí ’n tráigh chómhair a bheith thart bhí mé a
teacht trasna ag taobh cloiche agus bhí bean
’n-a suidhe ar a chloich. Agus ní theachaidh
a'n 1) bhean ariamh móran síos ins a chladach
a rabh mé. Bhí ’n bhean ’n-a shuidhe ar a
chloich agus rath mé an méid a bhí ann
mo chorp gur bhain mé an bhaile amach,
agus shaoil mé go rabh ’n bheirt eile a
bhí ins a Chladach mór báidhte.
Chraith sí 2) a lámh, ach sin a rabh de. Níor
labhair sise agus níor labhair mise, ach
bhain mé ’n baile amach comh maith agus
tháinic liom. Maighdean Mhara a bhí ann
cinnte, a bhí ’n-a suidhe ar a chloich.
aon1) aon
2) an bhean.