Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí bean annseo ins a t-sean-am a dtugad siad Peigí an Asail oirthí.”
(continued from previous page)1
2)
2)
shoi
a
113 3367
Chuaidh na "peileas síos lá amháin go dtéighead
siad isteach. Chuaidh siad fhad leis a tráigh
agus ní rabh ann ach bád beag buighdeach
bád deiridh nach rabh ach ceithre troighthe deag
ar fhad, agus ba le Peigí an bhád. Chuaidh
siad a cheannacht a bhaidh uaithe, agus
cúig scillingne a bhí siad a thabhairt ar
a’ t-siubhal isteach léithe."
"Bhail," arsa Peigí, dhíolfaidh mise an bád
libh. Nuair a chuaidh sí síos tarraing
sí amach na pionnaí as a bhád agus d’fhág
sí fuar follamh iad. "Goidé thig linn
a dheánamh anois," arsa fear aca.
"Bhail," arsa sise, má dhíol mé ’n bád
libh níor dhíol mé na grugairí.
"Bhail cú mead a bhéidheas na grugairí."
arsa’n fear eile
"Tá," arsa sise píosa chuig seillingne, nó
dhá píosa leath choróna. Bhí’n bunadh astoigh
ag imtheacht, agus chuaidh siad isteach
agus bhí deireadh ar shiubhal de’n oileán
ag ’ul isteach díobhtha
ainn a ba ghráthach a thabhairt ar "punt" fad ó shoin, doilionn,
Cúig sé lingne a bhí na pheas a thabhair daoithe ar shon a bháidh fhad
agus a bheadh siad a dheánamh an turais ’un oileáin.
shlinn eile ar phionnaí-iomardha