Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí seanbhean fad ó shoin ann agus ní rabh aicí ach mac amháin,...”
(continued from previous page)328
3575
go rabh cruacha coirce amuigh annsin aige
agus é a mbualadh. Chuaidh sé amach ar
maidin agus chuaidh sé a bhualadh na
gcruacha choirce, agus dubhairt sé leis
goidé eile a rachadh sé a dheánamh go
rabh na cruacha choirce buailte aige.
"gabh amach," arsa seisean, "agus bhuail iad,
"Má théighim amach," arsa leaduigh na luacha
arsa seisean, leagfa mé an teach, gabh
amach," arsa seisean, "agus bhuail iad.
Chuaidh sé amach agus chuir sé choirce
cothán agus clocha fríd a chéile. Rinn
sé ballógaí de. Chuaidh a rí amach agus
chonnaic sé goidé a bhí deánta aige stap
sé é. Lá thar na bhárach arsa seisean.
"goidé ’tá agham le deánamh indiú," arsa
seisean. "Tá thabhair leat a t-eallach," arsa
seisean, "agus gabh suas ins a choill udaí
thuas leóbhtha, agus choinnigh taobh amuigh
de’n choill iad, ach ná leig isteach iad.
Chuaidh sé suas a chéad lá agus bhí sé
ag amharc isteach thaire an chlaidhe, agus
ní cheachaidh sé isteach leóbhtha. An darna(continues on next page)