Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)Bhíodar mar sin ar feag bliana nú níosa mú agus do tháinig árthach ana-bhreágh isteach go Cuan a’ Daingin go raibh ualach éicint innte, n’fheadar-sa gud é’n t-ualach. Dubhairt na táilliúirithe
lé chéile nuair a chualaoídís
nach éinne a’ cainnt ar an árthach breágh go raghaidís
siar thréis an Aifirinn Dé Domhnaig is go gcídhfidís í. Nuair a bhí ’n t-Aifreann déunach ráite bhuaileadar siar triúr aca agus bhíoch maide lá’ ’ge duine 'ca, 'ge ’n nGearaltach agus
nuair a chuadar ar a’ gcé ní raibh aon duin’ ănn ach an captaen a bhí ar an árthach. D’fhiafhruíodar do a’ bhféudfaidís a’ t-árthach a shiúbhal. Dubhairt sé go bhféudfaidís is fáilte bheith á siúbhal go h-oídhche go raibh
sé fhéin a’ ’meacht ó’n mbaile. Chuaidh a’ triúr táilliúirithe
isteach is bhíodar a’ siubhal
a' bháid ó sheabhamara go
seabhamara leótha is deiridís gur bhreágh ’n bád í. Bhí an
lá go h-aoíbhinn leis. I lár a’ tsamhraig a b’eadh é. Nuair a bhíodar cortha ó bheith a’ siubhal thánadar(continues on next page)