Imleabhar: CBÉ 0407 (Cuid 3)
- Dáta
- 1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- Is le Liam Scorlóg (Sherlock) an méid so leanas: -
27-9-1936Caisleán Cathair Druinne.Ba le muinntir de Róistigh an caisleán seo. D'réir mar d'airigheas bhí mac amháin aige, agus do báthadh é i dtubán uisce. Níl fhios agam cathaoin a deineadh é (an caisleán), ach níor críochnaigheadh é. Tighearna Talmhan ab'ea an Róisteach. Bhí talamh agus a lán cailín aige. Bhí talamh timcheall Mainistir Fheár Maighe, Cill-Úird, Gleann Abhann (Úird), agus Caisleán Uí Liatháin aige.
Á chríoch - Liam Ó Condúin
Bhí Rógaire críochnaighthe ina chónnaidhe i seana chaisleán i gCill-Úird, cloch (Carraigh) liath is ainm do'n t-seana chaisleán agus tá sé ann fós (tá cuid de ann fós). Tighearna talmhan ab'ead an Condúnach. Bhí gráin mór ages na Saoinibh air. Bhíodh sé fhéin agus Liam Ó Fléimionn ag troid le na chéile i gcomhnaidhe. Bhí Liam ina chomhnaide sa chaisleán i nGleann Úird (Tugtar Gleann Abhair ar an áit seo leis) agus do bhuaidh an Condúnach air sa deire thiar thall. Bhí i ingean aináin ag an bhFléimeannach agus do thostuigh an Condúnach í d'fhágail, b'shin é an chúis go mbídís ag troid le n-a chéile.