Imleabhar: CBÉ 0407 (Cuid 3)
- Dáta
- 1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Deireann sí go bhfuil trí saghas bochtáin ann.”
Is le bean (Maighréad Ní Thuama an méid seo leis:-
Deireann sí go bhfuil trú saghas bochtáin ann. -
duine bocht le toil Dé,
duine bocht lena thoil féin,
duine bocht dá mba leis an saoghal(gan teideal)
“Tháinig file go Cros-bhóthar...”
Is le Maighréad Ní Thuama Ó Chúirín dubh an méid seo leannas:-
Tháinig file go Cros-bóthar aimsir an ghorta agus shuidh sé ann. Tháinigh file eile ann agus shuidh ann, leis. Níorbh fhada nuair a tháinigh fear eile, file ab'eadh eisean, leis. Shuidh sé in éinfheacht leo chomh maith. Shocruigheadar go raghaidís go tigh feirmeóra ag lorg bidh. Bhí fear a'tigh .. rómpa, chuir sé béile maith rompu ar aon choingheam amháin go ceapfaidís líne file déanta an duine.
Thosnaigh an chéad duine mar seo
'Tá crann ubhair 'sa ghairdín mar ar gearradh é'
An tarna file.
'Tá feasóg ar Thomáisín mar ar bearradh é'(leanann ar an chéad leathanach eile)