Scoil: Sruthar (C.)

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sruthar (C.)
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    annsin go raibh faitchios air nach raibh an uaigh dúnta go ceart aige, agus ar eagla go bhfeicfadh aon duine é go ndúnfadh sé go maith é.
    Ní raibh sé i bhfad imthighthe leis an mbraitlín nuair a tháínig an Tighearna isteach, agus d'iarr an bhea air céard do rinne sé leis an mbraitlín a thug sé amach leis. Dubhairt sé nár thug sé aon bhraitlín ar bith leis, agus dubhairt sí gur thug. Dubhairt sí nuair a tháínig sé isteach go raibh sé ag creathadh leis an bhfuacht, agus go ndubhairt sé nach raibh an uaigh sáith dúnta aige, agus go ndeachaidh sé amach aríst, agus gur thug sé braitlín leis.
    "Sé an rógaire a thug an braitlín leis," ars an Tighearna, " acht fág mar sin é go bhfeicfimíd an dtiocfaidh sé ar maidin." Moch go maith ar maidin, bhí an rógaire ag an doras, agus an braitlín aige. Thug sé an braitlín do'n Thighearna. D'iarr an Tighearna air teacht isteach. D'iarr siad air gan focal a rádh faoi an bhfear a mharbhuigh an Tighearna an oidhche roimhe sin, agus dubhairt siad go dtiubhradh siad céad punt dó. Dubhairt an buachaill nach n-abrróchadh se tada dá bhfuigheadh sé an t-airgead. Thug siad céad phunt dó annsin. Dubhairt sé go raibh sé an bhuidheach díobh, agus chuaidh sé abhaile chuig a athair agus a mháthair. Bhí an-áthas ortha go raibh sé slán, agus bhí saoghal maith acu an fhad agus a sheas an chéad phunt.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Stiophán Ó Chadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Cheathrú Mhór, Co. na Gaillimhe