School: Log Buidhe (roll number 15539)
- Location:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Seán de Crúis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Log Buidhe
- XML Page 032
- XML “Comharthaí ar an Aimsir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí fhíos ag na seandaoine an sort aimsire a bheádh aca le comharthaí agus ta na comhartha sin beo imeasg na ndaoine fós.
Nuair a théigeas an ghrian sios ins an trathnóna ma bíonn dáth dearg uirrí bíonn na feilméirí ag feitheimh le stoirm.
Ma bhíonn na faoileáin ag glaodhach deireann na daoine go dtuibarfhaidhis an droch aimsir chugainn.
Nuair bhíos na preachain ag dul thart in a sluaighthe is cosamhalacht báistighe é.
Má chloiseann duine fead na treanach agus é cupla mhile uaidh deireann sé gur cosamhail le báistighe é.
Má bhíonn na réilt go fairsing oidhche sheacha droch-comhartha é bhead an lá dar gcionn ag cur baistighe go trom.
Nuair bhíos an mada ag ithe féir cuireann duine ruaig air mar deireann saidh gur comhartha báistighe é.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Eoghain
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Micheál Ó Eitt
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo