Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)
- Suíomh:
- Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Casaide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-chluain (B.)
- XML Leathanach 407
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“I gCaisleán a Bharraigh a chodail mé aréir”
(ar lean ón leathanach roimhe)Cuirfidh mise cóta uirrí do dhath ghlas an fhraoigh
Béidh mé a' rinnce ar na bóithríní
le stóirín mo chroidhe.(gan teideal)
“Tráthnóinín deireannach Dia Luain is e a' báisteach”
Tráthnóinín deireannach Dia liom is é a' báisteach
Casadh tigh Sheáin mé is súid mé síos (ag airneán?)
Dhearc mé an ainnir ins a' glúid taobh thall dhíom
Ba deise gáire agus leagan súl
Gruadh ba deirge ná an chaor chaorthainn
Ba gile mhín í ná an eala ar snámh
Ach nuair a lean mé an seanchas nó cé d'ar díobh
Gur le Frainc Conghaolach an cailín bán
Dho réir mo thuairim bhí sí tóigthe
Agus fuair sí eolas ar leabhar is ar pheann
Bhí máighistir acab sa teach i gcomhnuidhe
Agus neart dhon ór buidhe go fairsing ann
Nach é an truaigh an spéir-bhean bheith ar thamhnach sléibhe
'Leabhaidh bheith gléasta le síoda bán
Nuair a sgairteanns an ghrian ar a brollach gléigeal
Go bhfágann na céadta fear bás le grádh.
Dhá mbeitheá dhá chéad uair agam
Agus mé bheith gan pósadh
Agus bheith go h-óg leat, a Nóra Bhán
Threabhfainn cnuic agus ghreadfainn bóithre
Agus bhéim i gcóiste leat, a Nóra Bhán.(leanann ar an chéad leathanach eile)