Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 013](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_013.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 013
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 013
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh sé suas dhubh agus bán agus tháinic sé anuas léighthe.
Fr. Páipéar.
Fiche cúig caoire ceangailte dé'n bhalla. Do léim an ceann dearg amach agus bhlais sé uilig iad.
Fr. Na fiachla.
Fear beag donn agus a bhothán ar a dhruim aige.
Fr. Seilimide.
Fear beag in a' sheasamh lé claidhe, itheann sé gach a bhfághann sé, [sé ] acht ní ólann sé uisge.
Fr. Teine
Ní'l sé taobh istigh de'n teach nó taobh amuigh de'n teach agus tá sé sa teach.
Fr. Fuinneóg.
Cé'n uair atá fearg ar an teine?
Nuair a lasann sí.
Céard é nach bhfuil capall ná cú indhán imtheacht uaidh?
Fr. Torann.
Tá sé amuigh ort agus tá sé istigh ort agus níl sé trom ort.
Fr. Ainm.
Tá bean bheag amuigh agus gach uile áit a dthóigeann tú i cháillfidh sí sop.
Fr. Punann Coirce.
Céard é a bhfuil súilí aige agus nach bfheiceann sé tadaí.
Fr. Fataí.
Tá sé faoí an uisge agus tá sé os cionn an uisge agus ní'l an tuisge ag dul in aice leis.
Fr. Ubh i mbolg lachan.
Chuaidh caora isteach i mbearna, céad caora eile an mhaor is an madadh. Cé mhéid cos é sin.
Fr. Dhá chois.
Teach mór ceann óir tuis ceart é agus na leig thart é.
Fr. Flaithis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aine Ní Cheallaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 18
- Gairm bheatha
- Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo