Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 071
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Tá ceithre coirnéil ar mo leabaidh
Ceithre hainglí geala uirri sgartha,
Má fhághaim bás anocht nó ar maidin
Gur i bFlaitheas Dé a bhéas mo leabaidh.
Idir Brighid agus a brat, idir Miceál agus a sgiath
Dhá láimh Dhia liom, pearsa (á) ó Dhia liom,
Dia agus Muire liom aríst go maidin.II
Go luighidh mé le Dia agus go luighidh Dia liom
Dhá láim Dia liom, pearsa á Dhia liom,
Dia agus Colm Cille na trí huaire liom.
Brat Bhrighde os mo chionn
Sgiath Mhicheáil fá mo choim
Claidheamh Chriost in mo láimh dheis
Idir sinn agus gaoth na gcnoc
Idir sinn agus bás bíge
Idir sinn agus náire shaoghalta
Idir sinn agus bás fagháil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Sheáin Uí Ghacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo