Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 073](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_073.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 073
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 073
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)III
Go mba Dún Daingean an Dún seo a bhfuilmuid ann
Go mba sluagh dall an sluagh seo ag dul tharinn
An suan seo ort a mháthair?
Ní headh, a Mhic, acht aisling.
Cé an aisling é? a mháthair,
Go bhfuil tusa gad do spioradh, 'gad do chéasadh
gad do chur le Crann
Do cheann ceangailte go (dhe) phost a cloiche
Agus do cuid fola uasal leat go talamh
Is maith d'aisling, a mháthair,
An té a déarfas d'aisling trí huaire
dul (goil) i mbás codlata dhó
Ní gaobhal do ifreann agus tá flaitheas le fágháil aige. Coisrigeadh an scabaill
In ainm an athar a chuaidh ar neamh
Agus a mhic a d'fuiling a phian
Spiorad naomh ár neartú
Agus a mhaighdean bheannuighthe ár dtriall.IV
A Rí gheall na cruinne, nach Truagh Mhuire muidi
Mar gcuimhnighidh muid ar Threóraí Criosta
Na braonacha troma foladh
Atá go siorruidhe a' sileadh
Ar Crann na Páise ár saoradh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Sheáin Uí Ghacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo