Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 080
- XML “Seanscéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)taobh thiar de'n teach. Fuair sé treasg agus gearr sé an crann. Ní raibh aon iall aige. Chonnaic sé sean-chapall amuigh sa bpáirc. Thug sé buille dó agus mharbhuigh sé é. Bhain sé an craiceann dhe agus rinne sé iall de. Rinne sé dhá leith de'n crann, cheangail sé dá chéile íad leis an iall agus bhí súiste bláthamhail aige.
An chéad bhuille a thug sé do'n coirce chuir sé na cuplaí amach agus leag sé an teach. Leis an dara buille a thug sé dó bhí an grán bainte as an cruaich uilig. Dhá bhuille a thugadh sé do gach cruach go raibh siad réidh aige.
Nuair a tháinig an fear abhaile chonnaic sé barr an tighe briste agus an coice ag teacht amach ar a bhéal. Ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé nuair a Chonnaic sé an méid oibre a bhí deanta aige ar feadh an lae. An oidhche sin chuaidh an fear go dtí sean-fhear a bhí ar an mbaile le cómhairle fhághail uaidh. Dubhairt an sean-fhear leis a dul go dtí an rí agus a chómhairle fhághail. Chuaidh sé go dtí an rí agus dubhairt seisean leis a dhul amach ar maidin agus capall maith a thabhairt leis féin agus droch-chapall a thabhairt do'n bhuachaill agus go gcuirfeadh sé féin sluagh saighdiúirí ag taobh an chlaidhe agus nuair a bheadh an fear ag dul thar na saighdiúirí buille a thabhairt d'á chapall féin agus go rithfeadh sé, agus nuair a bheadh an buachaill ag dul thar an áit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Mhuinchille
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Muinchille
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo