Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 168
- XML “Na Reiligí”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ó shoin.Sí an roilg is sinne dá bhfuil san bparáiste Cill tSéadna - dá mhíle ó Beannchor Iorruis. Tá sí ar thaobh na h-Aibhne Móire. Tá Teach Pobail de'n tsean-déanamh i lár na roilge. Níl sé acht tuairm 30 troigh ar fad agus 15 troigh ar leithead. Tá clocha móra ins na ballaí agus na fuinneóga agus an doras gan gearradh nó ornáid. Do réir seanachais na ndaoine tóigeadh é in aon oidhche amháín. Ta an roilg seo dúinte suas anois agus ceann úr a rinneadh an bhliadhain seo ar thaobh an bhóthair atá ag dul ó Bheanncor Iorruis go Maolraithnighe. Ní fhaca mé aon chill atá féachaint chómh sean le Cill tSéadna acht Cill Chuimín i gCill Chuimín i bparáiste Leacain, Béal an Átha.
- Beannacht leat Éire agus Conndae MhuigheóBeannacht le mo ghaoltaí agus dá maireann diobh beoTá mise réidh ag imtheacht agus ní fhillfead go deoBeannacht le Éire agus conndae Mhuigheo
* * *
Bheirim-se mo mhallacht do lucht dhéanta na mbreugSíád a mhúin domh-sa na reágúint i dtoiseach mo shaoghailTá mé annseo ins na hin(d)iachaibh go siorruidhe ag sileadh deor,Nuair a chuimhnuighim ar Éirinn ag Conndae Mhúigheo.
(Seo giota a fuaireas ó Phádhraic Mag Guidhir)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Mac Guibhir
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann