Scoil: Béal an Mhuirthid (C.) (uimhir rolla 14857)
- Suíomh:
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Náraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)págántacht agus draoidheacht agus 'sé an coiste cuireadh ar an gaiscidheach bréige a dhíbirt as an tír faoi gheasa troma draoidheachta gan pilleadh ar ais go deo in a chumraidheacht féin ná i gcumraidheacht nídh ar bith eile.Bhí an dearbhráthar eile a chuaidh soir ró-fhada ar a bhealach gan tada theacht in a fhabhair agus thionntuigh se ar ais agus chuaidh glan díreach go dtí an crann daraighe in a sáitheadh na sgeana agus fuair sé sgian a dhearbhráthair faoi mheirg. Síon leis ar an rian a thóg a dhritheár agus m'éis aistear fhada casadh é ag teach geata an Ríogh go mall tráthnóna amháin.Bhí fearadh na fáilte ag an gcailligh roimhe agus thoisigh sí ag moladh gníomartha an faol-coin, an t-sionnaigh, an girrfiaidh agus an bhromaigh. Thuig sé láithreach gurbh iad ainmidhthe a dhearbhráthair a raibh sí ag tráchtadh ortha. Casadh na dearbhráitracha le chéile lá ar na bhárach agus 'néis an grádh mo chroidhe agus an fáiltúighadh gnáthamhail bheith thart thoisigheadar mar seo ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Page
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Naraibhe
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann