Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 117
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear nach ceart uisge a chaitheamh amach ar oidhche Samhna, mar deireann na sean-daoine go mbíonn tú ag chaitheamh ar na naomhaibh é.Deirean na sean-daoine an chéad duine a éirigheann an chéad lá Bealtaine go mba cheart dó cirtín dearg do ceangail ar rubhaill an mbuin, agus go mbéadh a lán im ag an líon-tíghe i gcomhair an bhliadhain sin.Deirtear gur ceart rud éigin a mharbhughadh ar oidhche Naom Mháirtín nó go gcailfeá rud éicint sul a mbéadh an bliadhain caithte.Ní ceart an olann a baint do na caoire roimh Dómhnach Cincíse nó caillfeóchar cuid aca.Dá mbéadh tú isteach i dteach agus dá mbéádh bean an tíghe ag déanamh maistreadh ní ceart an teach a fhágail gan cupla buile a tabairt do'n cuinneóg leis an luinthe, nó tarbfaidhe na sideóga an im leó.(leanann ar an chéad leathanach eile)