Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 129
- XML “Nósanna a Chleachtaítear Anseo Nuair a Bhíonns Tórramh sa Teach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Cuirtear an corp o's cionn cláir annseo ach in áiteacha eile mar shampla ibparóiste Cill Teine ní cuirtear an corp o's cionn cláir cor ar bith. Sé a déantar, tréis an corp a nighe cuirtear an aibíd air; annsin cuirtear sa comhrainnn láthreach é agus fágtar an clúdach gan cur ar an gcomhrainn. Fágtar an chomhra ar dhá chathaoir annsin agus lastar coinnlí beannuighthe.2) An Paidrín(1) Deirtear an Coroin Mhuire nuair a bhíonns an duine ag séalughadh
(2) Nuair a bhíonns an duine dá chur ós cionn cláir
(3) Nuair a bhíonns an duine curtha sa comhrainn
(4) Nuair a cuirtear an clár ar an gcomhrainn
(5) Díreach sara tosuightear ar an socraid
(6) Gach oidhche den torramh ag meadhon oidhche ag ag breachadh an lae
3) An Clog
Stoptar an clog nuair a gheibheann duine bás4) An Cat
Cuirtear an ruaig ar an gcat. Ní leigtear isteach sa teach é go n-imthigheann an socraid5) An Caoineadh
Díreach tar éis báis
Díreach tar éis an pháidrín nuair a cuirtear an corp ós cionn cláir; tar éis uimhir a 3, 4, 5, thuas agus an uair a thigeanns aon ghaol an marbháin isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)