Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 45
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach as na fataí agus fagtar i mbáisin iad annsin. Cuirtear sóid salainn agus plúr ar an bocstí agus deintear suas é, annsan, bácáiltear é agus nuair a bhíonn sé bacáilte, bíonn sé go h-an dheas ar fad.An t-uisge a bhíonn fághta taréis na fataí, deantar stairt as sin. San bácús a cuirtear é agus annsin agus san oigheann. Déanadh na daoine an t-arán ar an ngreidiall fadó. Gríóstaidh an rud a bhíodh faoi'n ngreidill. Cuirtear comhartha na croise ar an arán go dtí an lá seo le sgian. M'ás rud é nach ndeineann siad sin tabharfhadh na sídeoga é dar leo agus deireann daoine eile ná bácáileann sé i gceart mar nach ndéaneann siad sin.Deintear arán eile thart annseo, agus tá sé cosamhail leis an bocstí, acht deintear é le fataí bruithte. Seo é an chaoi a ndéantar é: baineann siad an croiceann de fataí agus briseann siad suas iad. Annsin déantar an t-arán as agus bíonn sé go h-an dheas.
* * * * *
Dhá bhéile san ló a d'itheadh na daoine fadó agus uaireannta aon bhéile. An breicféast agus an dínnear an t-ainm a bhí ar na béile a bhí aca fadó. Ar a deich a clog ar maidin a n-ithidís an mbreicfefast agus ar a sé a chlog san tráthnóna a n-ithidís an dínnéir agus ní(leanann ar an chéad leathanach eile)