Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 6
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a bhí siad ag teacht suas an bhóthair, tháinig taidhbhse amach mar barraille ar an mbóthar agus bhí dhá madad acu agus thosuigh an dá mhadad ag troid leis an barraille agus nuair a tháinig siad go dtí an crois bóthair, d'imthigh an barraille agus tháinig coileach Francach agus bhí n madadh ag troid leis an coileach Francaigh agus fuair ceann de na madadh bás agus d'imthigh an coileach Francach annsin. Nuair bhí siad ag dul treasna na h-abhainn thuir an ceann eile de na madadh isteach san abhainn agus do bháichadh é.
Sgeal: leath-dhuine bocht simplídhe a bhí ag dul trasna páirce a rubh ba ar féarachann, lá amháin nuair a lean tarbh é. Bhain mo dhuine amach, nídh nach h-iongnadh nuair a chuala sé an tarbh ag buirthigh in-a dhiaidh. Go díreach agus é fá neas acht cúpla coiscéim d'ón sgonnsa thainich an tarbh suas leis, thóig ar a adharca é, agus chaith anonn thar an sgonnsa é. Nuair a thainich an leath-dhuine chuige féin, dhearc sé isteach agus chonnaic sé an tarbh ar an taobh istigh agus é ar bhuile.
Bhí sé ar a dhá ghlúin agus é ag réabadh na talmhan le na chuid adharc.
"Seadh" arsa an leath-dhuine, ag cainnt leis an - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Máire Ní Éigeartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Sean Mac an Bhreiteamhan
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78