Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 208
- XML “Fear Bocht”
- XML “Seán De h-Óra”
- XML “Sprideanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cloc[h]a ceangailte agus madraí sgaoilte. Fuair mé an scéal seo ó mo athair. An Rinn. 56 blian d'aois.
- Séan de h-Órdha
Bhí fear ann fadó darb ainm Séan D[e] h-Órdha. Fear an-dhona do b'eadh é. Bhí s[é] ina chómhnuidhe in tig beag, agus ní raibh aoinne leis acht é fhéin. Nuair a bhí sé a[g] fág[h]ailt bháis, dubhairt sé le buachaill dul f[é] dhéin an tsagairt do. D'imthig an buachaill fé dhéin an tsagairt acht ní thiocfhadh sé. Sé an rud a dhein an fear annsan acht a fhaoisidín a scríobh ar dhá chloich. Annsan fuair an fear bás, agus sé an rud a dubhairt an sagart acht go raibh sé fhéin damanta, agus gur chuaidh Seán de h-Órdh[a] go dtí sna flaithis.
Dheineadh dán mór mar g[h]eall ar an bhf(h)ear san - sé an ainm a bhí ar ná "Faoisidín Fhada Seán De h-Órdha. Fuair mé an scéal seo ó m'athair. 56 blian d'aois. - Sprideanna
Bhí fear ann fadó, agus bhí guna mór aige. Theig[h]eadh sé amach gach oidhche, agus thugadh sé an ghuna leis. Aon oidhche amháin chuaidh sé amach, agus bhí sé ag dul thar tig mór agus bhí an áit lán de sprideanna.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Lonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge